Tionól Contae Luimnigh

28/29 Feabhra 2020

Craobh Mhainistir na Féile, Coiste Contae Luimnigh

agus Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge

 

ó 2019

Béaloideas, Ceol, Filíocht agus Stair

i Mainistir na Féile

Clubtheach an Athar Ó Cathasaigh

Cumann Lúthchleas Gael www.frcaseysgaa.ie

Mainistir na Féile, Co. Luimnigh

An Clár

Dé hAoine 08/02

19.30                      Teacht le chéile

19.45                      Oscailt Oifigiúil

20.00 ~ 21.00        Léacht 1 Gnéithe le Thraidisiún na Gaeilge in Iarthar Luimnigh                                                                                                                le Séamus Ó Coileáin

21.30 ~                  Ceolchoirm: ceol traidisiúnta le Muintir Fhlannabhra (Éimhear                                            agus Caoimhe Flannery),Denis Curtin, Ríona Ní Churtáin,

                              Dónal Ó Murchú agus Muintir Mhurchú

Dé Satharn 09/02

10.00 ~ 10.30         Cruinniú de Choiste Contae Luimnigh (tae/caifé )

                               + seoladh Feasta

---------------------------------------------------------------------------------

10.30 ~ 11.30        Léacht 2 ... ó mhaidin do hoíche agus siar go maith san oíche féin…                                                                                                                le Síle de Chléir

11.40 ~ 12.50         Siúlóid timpeall an bhaile (stair na Cearnóige srl.)

13.00 ~ 14.00       Briseadh lóin in Óstán Leens

14.30 ~ 15.30        léacht 3 An tAthair Nioclás Ó Domhnaill agus a chuid filiochta

                                                                                                               le hÚna Nic Éinrí

15.30 ~ 16.00        Plé oscailte

16.00 ~ 17.00       Seisiún Ceoil le ceoltóirí óga áitiúla agus Ciorcal Comhrá

---------------------------------------------------------------------------------

 

Lóistín: Óstán Leens, Mainistir na Féile, Co. Luimnigh

www.leensabbeyfeale.com (068)31121

 

eolas breise

Dónal Ó Murchú (087)061 3211 donalmurphybox@gmail.com

Craobh Mhainistir na Féile

Mícheál Mac Oireachtaigh (089)255 4371 michealmacoireachtaigh@gmail.com

Coiste Luimnigh

Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie Dáil na Mumhan

www.dailnamumhan.ie

----------------------------------------------------------------------------------------------------

Gnéithe le Thraidisiún na Gaeilge in Iarthar Luimnigh

Séamus Ó Coileáin: Is as Áth an tSléibhe do Shéamus. Fuair sé a chuid bunscolaíochta in Áth an tSléibhe agus a chuid meánscolaíochta in Kelly’s i Mainistir na Féile. Bhain sé céimeanna sa Ghaeilge amach ó UCC. Tá sé ag léachtóireacht le hAistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá roinnt saothar litríochta aistrithe go Gaeilge aige, ina measc The Alchemist le Paulo Coelho agus roinnt leabhar ón tsraith Le Petit Nicolas le René Goscinny.

 

... ó mhaidin do hoíche agus siar go maith san oíche féin…

Gnéithe sóisialta agus cultúrtha d’obair an éadaigh agus an fheistis i dtraidisiún na Mumhan.

 

Síle de Cléir: Céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh í Síle de Cléir. Bhain sí céim dochtúireachta amach (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh), le staidéar ar chultúr an reiligiúin chomónta i gCathair Luimnigh sa fichiú haois, agus níos luaithe fuair sí céim máistreachta dá cuid taighde ar thraidisiún an éadaigh agus an fheistis in Éirinn. I measc na bhfoilseachán aici ar fheisteas, tá ‘Creativity in the margins: identity and locality in Ireland’s fashion journey’ Fashion Theory, Vol 15, Issue 2, June 2011, agus ar an reiligiún, ‘Ritual and the city context’, Béascna 6 (2010). Foilsíodh leabhar dá cuid ar an reiligiún i 2017: Popular Catholicism in Ireland: locality, identity and culture (London: Bloomsbury Academic). Tá sí ag léachtóireacht sa Ghaeilge i Scoil na Gaeilge, an Bhéarla, agus na Cumarsáide, Ollscoil Luimnigh.

 

An tAthair Nioclás Ó Domhnaill (c.1700 ~ c.1759) agus a chuid filIochta

Úna Nic Éinrí: Is iarléachtóir le Gaeilge í an Dochtúir Úna Nic Éinrí i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach le suim aici i bhfilíocht an 18ú Aois. Tá roinnt leabhar scríofa aici ar an ábhar seo.

 

Ceoltóirí:

Caoimhe & Éimhear Ní Fhlannabhra (Fidil & Consairtín).

Bhuaigh siad Craobh na hÉireann i 2018 sa Chomórtas Ceol Beirte faoi 18

Denis Curtin (Amhránaí) le Ríona Ní Churtáin (pianó) agus le hEoin Ó Murchú (giotár)

Dónal Murphy (bosca ceoil), Eilís, Kevin, Melanie, Caoimhe agus Eoin Murphy

 

-------------------------------------------------------------------------------------------------------

Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí – le bhúr dtoil

Dáil na Mumhan

© 2017 Dáil na Mumhan

Cúil Aodha

Maigh Chromtha

Co Chorcaí

  • Facebook Social Icon
  • Twitter Social Icon
  • Google+ Social Icon