top of page

AN CUR CHUIGE

 

Tugaimid faoin dúshlán san trí

 

 

An Ghaeilge a choimeád á labhairt go forleathan in Éirinn agus i gCúige Mumhan ach go háirithe agus cearta lucht a labhartha a fhógairt agus a fhorbairt. Sin iad na nithe a threoraíonn ár gclár oibre

 

Is mian linn chomh maith scríobh agus léamh na teanga a spreagadh

 

Chuige sin déanann craobhacha, coistí contae agus Dáil na Mumhan imeachtaí mar leanas a eagrú:

 

Ciorcail chomhrá                  Tionóil chontae

Seachtain na Gaeilge               Bailiúchán Náisiúnta

Feachtais feasachta                Feachtais tacaíochta

 

 

Foilsimid Feasta go míosúil

– reiviú den Smaointeachas Éireannach

litríocht, eolaíocht, polaitíocht

Tá cur síos iomlán ar chuspóirí agus modhanna oibriúcháin ar fáil i mBunreacht Chonradh na Gaeilge

AN TORADH

 

De bharr ár saothar, sé an dóchas atá againn ná, go dtiocfaidh bláthú breise ar ár saol, mar lucht labhartha na Gaeilge, gur cuid dlúth sinn de phobal na hÉireann, agus go dtreiseoidh an pobal  san a mhian an teanga dúchasach a úsáid níos mó.

Dá mhéad an líon daoine a bhíonn páirteach go gníomhach san iarracht, is amhlaidh is fearr a bheidh an toradh

Chuige sin, tá do chabhair agus

do chuid fuinnimh ag teastáil

 

Beidh fáilte romhat bheith páirteach linn
 

Príomhimeachtaí

DHÁIL NA MUMHAN

& coistí contae Chonradh na Gaeilge

Clár Sealadach 2019/2020

  • Dúchas, Carraig na Súire, 7/8 Meán Fómhair 2019

  • Tionól Chiarraí, Óstán Meadowlands, Trá Lí, 22/23 Samhain 2019

  • Tionól Uí Mhocaille, Eochoill, 7/8 Eanáir 2020

  • Tionól Luimnigh, Mainistir na Féile, 10/11 Feabhra 

  • Bailiúchán Náisiúnta 17 Márta

  • Tionól sna Déise, Port Láirge 27/28 Márta

  • Tionól an Chláir, Inis, 09/10 Aibreán

  • Turas Oirghialla, Dún Dealgan  8-10 Bealtaine

  • Turas na Mumhan, An Cóbh & Inis Spíce,  6 Meitheamh

bottom of page