Tionól Corcaigh Thoir
Craobh Eochaille agus Dáil na Mumhan
de Chonradh na Gaeilge


…Maidin Domhnaigh is mé dul go
hEochaill...
Óstán Old Imperial
27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
10 ~ 11 Eanair, 2020
Maidin Aoine, 10 Eanair beidh Ceardlanna ar an gCeapadóireacht,
ar Labhairt na Teanga, ar an bPrós ar an bhFilíocht
á reáchtáil i bPobalscoil na Tríonóide in Eochaill
ag Mícheál Ó Ruairc, Múinteoir, Scríbhneoir agus File
Fáilte roimh chách
>>>
An Clár
Dé hAoine 10/01
19.30 Teacht le chéile
19.45 Oscailt le Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge,
Comhairle Cathrach & Contae Port Láirge
20.00 ~ 21.00 léacht (1) Cumadóireacht an Phróis agus na Filíochta le Mícheál Ó Ruairc
21.30 ~ ceol traidisiúnta i mbeár an Óstáin
Dé Satharn 11/01
10.30 ~ 11.10 tae/caifé & gearrchaint ar Ar an imeall i lár an domhain le Colm Ó Ceallacháin
11.10 ~ 11.15 Seoladh Feasta Aonach Leabhar
11.30-12.30 Cuairt: déanamh an scannán Moby Dick in Eochaill á eagrú ag Liam Ó Laochadha
12.30 ~ 14.00 briseadh lóin
14.00~ 1430 gearrchaint Scéalta Cois Trá le hAingeal Uí Dhomhnaill
14.00 ~ 15.00 léacht (2) Meath na Gaoluinne in Eochaill agus gnéithe de Chanúint Oirthear Chorcaí le Cian Ó Cionnfhaolaoidh
15.15 scor
Lóistín Is féidir praghas a fháil agus áirithint a dhéanamh díreach leis an óstán
Tabharfaidh an t-óstán ráta ar leith d’aoíonna, ach an tionól a lua
Óstán Old Imperial, 27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill, Co. Chorcaí
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
eolas breise
Liam Ó Laochdha (086)325 8271 olaochdha.l@gmail.com
Séamus Ó Máille (086)377 9071 jkomalley@eircom.net
Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie
---------------------------------------------------------------
Léacht 1 Mícheál Ó Ruairc:
Cumadóireacht an Phróis agus na Fílíochta
Tabharfaidh Mícheál Ó Ruairc caint ar Chumadóireacht an Phróis agus na Filíochta agus léifidh sé dánta as a chnuasach nua
Mícheál Ó Ruairc:
Rugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch i gCiarraí. Tá idir fhilíocht, ghearrscéalta agus phrós foilsithe aige le breis agus tríocha bliain anuas. A shaol caite go dtí seo aige i mbun múinteoireachta agus scríbhneoireachta. Leabhar nua filíochta Treaspásóir: Trespasser díreach foilsithe aige. Dlúthchaidreamh aige le scoileanna Chorcaí le blianta fada.
Ar an imeall i lár an domhain
Ba as Baile na Speire lámh le Carraig Thuathail do Séamus Rua Mac Coitir agus a mhac Séamus Óg, a mhair i ndeireadh an 17ú aois agus i dtús an 18ú aois. D'fhág saol corraitheach na beirte a lorg ar éigse na dúiche, agus ina measc siúd a scríobh dóibh nó fúthu bhí Dáibhí Ó Bruadair, Éamonn de bhFál, Liam Rua Mac Coitir, Seán Clárach Mac Domhnaill, Uilliam Mac Cartáin agus Domhnall Ó Colmáin. Sa chaint seo déanfar cur síos ar chuid de na heachtraí a thit amach dóibh beirt agus cuirfear na heachtraí sin i gcomhthéacs stairiúil na linne in Éirinn agus ar fud an domhain. Déanfar tagairt, ar ndóigh, ar na saothair a scríobhadh orthu, idir dhánta molta agus, ar deireadh thiar, marbhnaí.
Colm Ó Ceallacháin
Foilsíodh cnuasach gearrscéalta le Colm Ó Ceallacháin i 2017 (I dtír mhilis na mbeo, Cois Life) a ghnóthaigh an chéad duais do shaothar próis i gcomórtas an Oireachtais. Thug sé caint an bhliain chéanna ar shaol Shéamus Rua is a mhac ag an gcomhdháil 'Ar an Imeall i lár an Domhain,' an chéad chomhdháil Gaeilge a eagraíodh in Ollscoil Shéarlais, Prág.
Déanamh an scannáin Moby Dick in Eochaill
Tabharfaidh Liam Ó Laochdha cuntas gairid ar déanamh an scannáin a d’fhág a lorg ar an saol in Eochaill.
Scéalta Cois Trá
Grúpa ban a thagann le chéile chun snámh agus an áit a bhíonn mná bíonn caint. Seo scéal amháin gur fiú a insint.
Meath na Gaoluinne in Eochaill agus Gnéithe de Chanúint Oirthear Chorcaí
Cian Ó Cionnfhaolaidh
Is as Eochaill ó dhúchas é Cian, duine do shliocht Uí Chionnfhaolaidh agus Uí Shúilleabháin is ea é. Thug sé aghaidh ar Naíonra Aingeal Uí Dhomhnaill, ar Ghaelscoil Choráin, dá chuid bunscolaíochta, agus ar Choláiste Eoin is ar Phobalscoil na Tríonóide don dTeastas Sóisearach. Dh’fhreastail sé ar Mheánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach don Ardteist ina dhiaidh sin. Do bhronn Coláiste na hOllscoile Corcaigh céim sna healaíonaibh, Gaoluinn agus Tír Eolais, air i 2013, agus do bhain sé an tArdteastas san Oideachas amach an bhliain dár gcionn. Do chuir sé máistreacht insa tSeana-Ghaoluinn dhe i 2015. Ó shoin i leith, thá tréimhsí tugtha aige mar mhúinteoir meánscoile agus mar léachtóir cúnta de chuid Roinn na Seana-Ghaoluinne. Do chrom sé ar dhochtúireacht anuraidh agus logainmneacha mar abhar tráchtais aige. Thá sé sáite sa rugbaí mar thraenálaí agus mar imreoir le Cumann Rugbaí na hEochaille leis.
------------------------------------------------------------------------------------------------------
Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí - le bhúr dtoil