top of page

 
BREIZH 2023?

Conradh na Gaeilge

DÁIL NA MUMHAN www.dailnamumhan.ie

Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.(087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie

 

I 2018 chuir Dáil na Mumhan tús le Turas na Mumhan – Turas ar Ghaeltacht Mhuscraí (2018); Turas ar Shliabh Luachra (2019). D’éirigh go maith leo. Agus i 2020 beidh Turas na Mumhan ag tabhairt aghaidh ar Oirthear Chorcaí (06/06/2020).

 

Le linn na dTurasanna go dtí seo, d’eagraíomar aischothú agus ag éirí as an aiseolas a fuaireamar táimid chun tabhairt faoi dhá Thuras breise i 2020 i. Turas ar Oirghialla (8 ~ 10 Bealtaine) – eolas le scaipeadh ar ball, agus BREIZH 2020 – Turas ar an mBriotáin (14 ~ 19 Meán Fomhair). Tá ár gcairde I Guincamp sa Bhriotáin tar éis go leor oibre a dhéanamh cheana féin don tionscnamh seo. Táim cinnte go mbeidh rath ar an ócáid agus táim cinnte freisin go mbeidh an-am againn.

 

Is faoi BREIZH 2020 atá an chuid eile den chiorclán seo. Tá súil agam go mbeidh tú linn ar an dTuras stairiúil seo – beidh fáilte romhat.

 

Beidh fáilte roimh cheisteanna chugam, am ar bith.

 

Donnchadh Ó hAodha

Cathaoirleach, Dáil na Mumhan Eanair, 2020.

 

BREIZH 2020

 

Tá mórán eolais sa bhileog atá leis seo, ach tabhair na nithe seo leanas faoi ndeara, led thoil.

 

* Faoi láthair tá an Turas bunaithe ar 20 duine. Déanfar iarracht cur leis san, má

bhíonn éileamh ann go maith roimis an sprioc dháta (1 Márta)

 

* Áirithintí óstáin (beirt ag roinnt seomra) atá molta

 

* Is gá do dhaoine, iad féin, áirithint ostáin a dhéanamh ar-líne roimh 1 Márta

(níl aon gheallúint ar seomraí a choimeád dúinn ina dhiaidh san)

 

Tá an t-óstán ag lorg rooming list uainn gan mhoill, do na seomraí atá á gcoimeád acu dúinn

Mar sin, má tá in aigne agat dul ar an dTuras seo, cuir in iúl dom chomh luath agus is féidir

leat led thoil (trí r-phost nó ar an mbileog atá leis seo más fearr leat). Nuair a bheidh san déanta,

agat tá go dtí 1 Márta an áirithint féin a dhéanamh leis an óstán. Tá ár Liosta oscailte anois.

 

* Is ceart do dhaoine áirithint bháid a dhéanamh le Brittany Ferries luath go leor

freisin, chun áit a chinntiú

Degemer mat e Breizh

An tu dreist-holl evit Iwerzhoniz eus Cuairt dírithe ar chaidreamh

korn-bro Munster e Iwerzhon hag a gomz le lucht Gaeilge agus lucht

Gwezeleg da geja gant tud all eus o bro na Briotáinise sa Bhriotáin

ha gant Brezhonegerien e Breizh

 

Luan-Satharn 14-19 Meán Fómhair 2020

Luan 14/09

Taisteal féin-eagraithe – traein/bus/gluaisteán – go Cathair Chorcaí. Tá tacsaí ar fáil Corcaigh/Rinn Uí

Scidigh (30 nóimeat) ar timpeall €35/40. Níl páirceáil ar fáil sa chalaphort.

 

Nil bac ar daoine gluaisteán a thabhairt leo, go háirithe más mian leo bheith thar lear roimh/ i ndiaidh BREIZH 2020, ach cuimhnigh gur ar bhus sa Briotáin atá an clár taistil don turas seo bunaithe

 

22.00 Bád ag fágaint Rinn an Scidigh, Co. Chorcaí – is ceart bheith ann 90 nóimeat roimhré

 

Máirt 15/09

15.30 I dtír i Roscoff

16.00 Taisteal go Guingamp (bus)

17.00 clárú leis an óstán i Guingamp

18.30 siamsaíocht agus dinnéar (féach clár ar leith)

 

Céadaoin 16/09

08.30/22.00 (féach clár ar leith)

 

Déardaoin 17/09

09.00/22.00 (féach clár ar leith)

 

Aoine 18/09

09.00/17.00 (féach clár ar leith)

18.30 clárú leis an mbád i Roscoff

20.30 an bád ag fágaint Roscoff

 

Satharn 19/09

09.30 an bád i Rinn an Scidigh (eagrófar tacsaithe ón mbád go cathair Chorcaí)

BREIZH 2020

Clár na n-imeachtaí sa Bhriotáin Máirt ~ Aoine 15/18 Meán Fómhair

 

Dé Máirt 15/09

18.30 Deoch & Fáilte ó Choiste Comhcheangail Guingamp/Sionna

Dinnéar

 

Dé Céadaoin 16/09

08.30 Ag fágaint chun bualadh le múinteoirí agus riarthóirí scoile

Turas go Carhaix (mueseam seandálaíochta agus láthair Vorgium)

Grúdlann Coreff

Carnoet: Gleann na Naomh

Rostrenan: cuairt ar Devines, Tigh Tábhairne Gaelach a osclaíódh i 2019

Bus arais chuig an óstán

 

Déardaoin 17/09

09.00 Ti ar vro - Guingamp cur síos ar cor soch-theangach na Briotáine

Cruinniú le múinteoirí agus daltaí i Scoileanna Dhátheangacha – Div yezh agus Scoil Diwan Guingamp

Turas treoraithe agus béile i nGuingamp

San iarnón siopadóireacht nó cuairt ar stáisiún raidio áitiúil Bretonnante de Saint Nicodéme

Istoíche béile i Ti ar vro ar chuireadh ón gCoiste Comhcheangail. Caidreamh i mBriotánais agus i

Gaeilge agus mion Fest Noz

Siúl arais chuig an óstán

 

Dé hAoine 18/09

09.00 Bus ag fágaint an óstáin (agus ag dul go Roscoff díreach tar éis imeachtaí an lae)

Turas ar Brest, ar chaisleán agus béile ar an mbaile

Taisteal via St.Thégonnec agus cuairt ar bhaile Roscoff

800px-Flag_of_Brittany_(Gwenn_ha_du).svg
800px-Flag_of_Brittany_(Gwenn_ha_du).svg
bretagne-region-map-1.jpg

MEASTACHÁN AR CHOSTAIS IN AGHAIDH AN DUINE (ag roinnt)

Na háirithintí (bád & óstán) agus íocaíochtaí le déanamh ag na daoine féin

agus BA CHEART SAN A DHÉANAMH TAMALL MAITH ROIMHRÉ (féach NÓTAÍ ar lch. 3)

Bád*

Brittany Ferries www.brittanyferries.ie (021)427 7801 reservations@brittanyferries.ie

An bád (& leaba) fillte ag roinnt cabin 2 oíche €150

* Bád (paisinéir & cabin) praghas measta pp

1 Paisinéir agus gan bheith ag roinnt cabin do bheirt €250

2 Paisinéir agus ag roinnt cabin do bheirt €175

3 Paisinéir agus ag roinnt cabin do cheathrar €165

4 Paisinéir agus ag roinnt cabin do cheathrar €150

Óstán

Ibis Hotel Guingamp, 6 rue de la Chesnaye +33 2 96 21 09 41

áirithint ar líne ibishotel.com – accorhotels.com

l/b beirt ag roinnt seomra 3 oíche €150 €300

 

Táille chlárúcháin (le híoc le Dáil na Mumhan)

Bus, béilí sa Bhriotáin féin, siamsaíocht srl. don tréimhse Máirt/Aoine) €250

(€225 ball de Chonradh na Gaeilge)

€550

 

Bia ar an mbád & deochanna ar an dturas ar do chostas féin

 

Fáilte roimh cheisteanna chuig: Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie

------------------------------------------------------------------------------------

Seol an fhoirm líonta agus an táille €250 nó €225 (déanta amach do: Dáil na Mumhan) chuig:-

 

Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.

 

------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

NÓTAÍ

Cuimhnigh

Tá an Turas seo bunaithe ar ghrúpa de 20 duine (10 seomra óstáin)

Mar sin, ná fág áirithintí ró-dhéanach

Le do thoil, dein na nithe seo roimh na spriocdátaí

 

  1. Áirithint don bhád roimh 01/03/2020 - chun áit a chinntiú

  2. Áirithint don óstán roimh 01/03/2020 – tá an t-óstán á éileamh seo

  3. Clárúchán le Dáil na Mumhan roimh 01/06/2020 – chun cruinn-uimhreacha a bheith againn don bhus

  

  1. áirithint díreach le Brittany Ferries (14/15 & 18/19 Meán Fomhair)

(021)427 7801 reservations@brittanyferries.ie

féach roghanna áirithinte thuas

 2. áirithint díreach le Ibis Hotel Guingamp, 6 rue de la Chesnaye, Guincamp

+33 2 96 21 09 41 ibishotel.com – accorhotels.com

l/b beirt ag roinnt seomra (3 oíche – 15,16 &17 M.F.)

Tá sé riachtanach go gcuirfeá in iúl do Dhonnchadh Ó hAodha nuair atá an áirithint déanta. Is gá dúinn liosta (rooming list) a choimeád go leanúnach ón tosach, le plé leis an óstán chun a chinntiú go bhfuil daoine ar ár liosta ar aon dul le liosta an óstáin.

 

    3. Clárúchán le Dáil na Mumhan chuig:-

Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.

(087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie

    4. Cuir in iúl do Dhonnchadh Ó hAodha nuair atá 1 & 2 déanta agat

 

N.B. PAS Éireannach & Cárta Árachais Sláinte Eorpach a thabhairt leat

Foirm chlárúcháin don

Turas ar an mBriotáin – Breizh 2020

14~19 Meán Fómhair, 2020

 

Ainm __________________________________________________________

Seoladh ________________________________________________________

________________________________________________________________
________________________________________________________________
________________________________________________________________

r-phost ___________________________________ guthán______________

 

Is ball de Chonradh na Gaeilge mé ☐

Craobh __________________________

 

An córas taistil a bheidh agam go Corcaigh

Gluaisteán ☐ Traein ☐ Bus Éireann ☐ Eile ______________________

(m.sh.tabharfar ann mé)

An córas taistil go Rinn an Scidigh _____________________________________________

(m.sh.tacsaí nó tabharfar ann mé)

 

Tá áirithint don bhád déanta ☐

 

Tá áirithint san óstán déanta ☐

Bead ag roinnt seomra le ______________________________________________________________________________________________________________________________________

 

Tá áirithint do ghluaisteán ar an mbád, ar a mbead mar thiománaí nó paisinéir, déanta ☐

 

 

 

 

Síniú ____________________________ Dáta________________ Tá íocaíocht €_________ leis seo 

 

Eolas faoi riachtanais speisialta:

 

 

Le cur chuig:

 

Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.

 

d.ohaodha@ucc.ie

-----------------------------------------------------------------------------

 

Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge

 

 

 

Tá sé in aigne agam bheith páirteach i

Turas ar an mBriotáin – Breizh 2020

14~19 Meán Fómhair, 2020

 

Cuir m’ainm ar liosta (rooming list) don óstán

 

Ainm _______________________________________________________

Seoladh _______________________________________________________

_______________________________________________________
________________________________________________________
________________________________________________________

r-phost ___________________________________ guthán______________

 

Le cur chuig:

 

Donnchadh Ó hAodha, Cúil Aodha, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.

d.ohaodha@ucc.ie

bottom of page