An Clár
24/25 Aibreán 2020
Inis
Coiste Contae an Chláir i bpáirt le Craobh na hInse
agus Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge
TIONÓL CONTAE
ó 2019
"Baile Líonra Gaeilge -
Forbairt Teanga don Todhchaí"
Óstán Auburn Lodge,
Inis, Co. an Chláir
Dé hAoine agus Dé Sathairn
26 & 27 Aibreán, 2019
I dteannta le
AN CLÁR AS GAEILGE
Fáilte roimh chách
Clár an Tionóil
Dé Aoine 26 Aibreán
19.30 ~ 20.00 Teacht le chéile - Clárú
20.00 ~ 20.20 Oscailt an Tionóil
Le Dónal Ó hAiniféin
20.20 ~ 21.30 "Craobh na hInse CnaG: 1980 - 2019"
Caint léirithe le Domhnall Ó Loingsigh
Taispeántas de Gníomhachtaí Craoibhhe
21.30 ~ Ceol traidisiúnta i mBeár an Óstáin
Dé Satharn 27 Aibreán
10.30 ~ 11.30 Cruinniú de Choiste Contae an Chláir, CnaG
11.30 ~ 11.45 Sos (tae/caifé ) + Seoladh 'Feasta'
11.45 ~ 12.45 Léacht (1): " An Ghaeilge sa Chlár cad atá i ndán di ?"
leis an Dr.Eilís Ní Dheá
12.45 ~ 14.15 Briseadh lóin
14.30 ~ 15.30 Léacht (2): "Baile Líonra Gaeilge" Cad é?
Le Mait Ó Brádaigh
15.30 ~ 16.00 Plé oscailte
16.00 Scor
Oscailt le Dónal Ó hAiniféin
Is Príomh Oide ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg, Inis, é Dónal Ó hAiniféin go bhfuil na blianta caite aige ag saothrú ar son an Ghaeloideachais. Is Cathaoirleach é ar COGG, An Comhhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus ar an togra "An Clár as Gaeilge" chun Gaeilge a chur chun cinn i gCo. an Chláir, agus ar Choiste Líonra na hInse.
Caint Léirithe: Craobhh na hInse de Chonradh na Gaeilge, 1980 - 2019, le Domhnall Ó Loingsigh.
Tá Domhnall Ó Loingsigh gníomhach i gCraobh na hInse le dhá scór bliain, agus bhí baint aige le beagnach gach feachtas agus tionscnamh a d'eagraigh an Chraobh i rith an ama sin. Chaith sé na blianta mar Rúnaí ar an gCraobh agus anois, tá sé mar Chisteoir. Ba Phríomh OIde é ar Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg Inis, ó am a bhunaithe i 1983 go 2005, agus an-chur amach aige ar chur chun cinn na Gaeilge mar theanga pobail.Tá stair fhada bhríomhar ag an gCraobh. Tabharfar cuntas anamúil ar chuid den obair a deineadh thar na blianta 1980 - 2019.
Léacht 1: An Ghaeilge sa Chlár - Cad áta i ndán di ?
Is léachtóir le Gaeilge gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach í Eilís Ní Dheá. D'éirigh léí PhD a bhaint amach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, nuair a scríobh sí tráchtas, ‘Saothrú an Léinn Ghaelaigh i gCo. an Chláir 1700–1900'. Is iomaí aiste agus alt atá foilsithe aici. Tá an Dr Eilís Ní Dheá ina léachtóir le Gaeilge sa Roinn Teanga, Litearthacht agus Matoideachais i nDámh an Oideachais. sa chaint seo beidh sí ag díriú ar treo na Gaeilge sa Chontae ag teacht as a cúlra staire.
Léacht 2: "Baile Líonra Gaeilge-Céard é? le Mait Ó Brádaigh
Príomh Oide ar Ghaelscoil de hÍde ,Órán Mór é Mait Ó Brádaigh atá ag obair faoi láthair mar Oifigeach Oideachais le COGG, an Comhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Is saineolaí é ar Phleanáil Teanga agus faoi láthair, tá sé mar Chomhairleoir do Coiste Líonra na hInse chun Plean Teanga don bhaile agus an ceantar mágúird a chur le chéile. Tabharfaidh sé míniú ar choincheap "An Líonra" agus an tionchar a bheidh aige ar Inis.
Lóistín
Is féidir ráta ar leith a fháil go dtí 22 Aibreán agus áirithint a dhéanamh ar líne nó díreach leis an óstán:
Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir
065 682 1247
Nóta: Luaigh "TIONOL" nuair atá áirithint á dhéanamh agat chun an ráta speisialta a fháil.
Domhnall Ó Loingsigh (087)276 0590 oloingsigh@eircom.net
Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie
An Clár as Gaeilge (065) 686 4474
Beidh Táille chláraithe €5 sa ló ar na himeachtaí - le bhúr dtoil



